top of page
DSC09071.jpg

Boireann an Chláir

Go h-iondúil, bíonn feirmeacha na Boirne i gceantar an Chláir, go háirithe iad sin sa ‘Bhoireann Ard’, déanta suas as ghabháltais de bhuailte móra féar gheimhridh agus ceantair níos lú de féarthailte feabhsaithe, nó ‘glasfhéar’. Faigheann na beithigh beathú geimhridh ar an talamh ard carraigeach agus san Earrach tugtar na beithigh go dtí an talamh íseal atá níos táirgiúil, le h-aghaidh an tsamhraidh. Ceadaíonn an cleachtas féarach ionchuir ísil seo do phlandaí bláthú agus dul chun síl gach samhradh agus mar thoradh air seo faightear roinnt de na féarthailte is speiceas-shaibhir san Eoraip. Faightear gnáthóga ar leith san ísealchríoch freisin ar nós turlaigh agus moing alcaileach a dteastaíonn bainistiú innilte aireach uathu.

Céard atá nua don CP ACRES?

Tá sé mar aidhm ag an CP ACRES tógáil ar an dul chun cinn fairsing a rinneadh le linn an Clár Bhoirne. Gheobhaidh feirmeoirí íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí mar a fuair cheana ag braith ar chaighdeán a dtalún speiceas-shaibhir i.e. an féar gheimhridh agus na buailte sna féarthailte íseal. I CP ACRES, tabharfar scór don ‘talamh glas’ freisin ag díriú ar bithéagsúlacht agus feabhas a chur ar chaighdeán an uisce sna buailte. Seans go gceadófar NPIs ar nós fál a chur mórthimpeall ar dobharlaigh, umair uisce agus geataí Boirne a chuir isteach, má tá buntáiste ann don timpeallacht.

Sa chéad, tríú agus cúigiú bliain de chonradh an rannpháirtí, tabharfaidh comhairleoirí feirme ceadaithe atá oilte in ACRES, scóranna do thailte príobháideach. Tabharfaidh na scóranna seo eolas faoi na híocaíochtaí bunaithe ar thorthaí agus cruthóidh siad moltaí bainistíochta do gach buaile. Beidh an feirmeoir ansin abálta plean bliantúil NPI a chur le chéile in éineacht leis an comhairleoir feirme, ag díriú isteach ar oibreacha a gheobhas i ngleic le aon fadhbanna agus a chuideoidh scóranna na mbuailte a fheabhsú. Má theastaíonn oibreacha ar scála níos mó, is féidir dul i dteagmháil le foireann an CP chun labhairt faoi Gníomhaíochtaí Tírdhreacha ar scála níos mó. 

Tá fócas athnuaite ar bhainistiú na gcoimíneachtaí ag baint le CP ACRES. Tabharfaidh foireann an CP scóranna do choimíneachtaí le linn an tsamhraidh. Chomh luath agus a bhfuil na scóranna tugtha, rachaidh foireann an CP i dteagmháil le scairshealbhóirí na gcoimíneachtaí chun pleananna gníomhachta agus bainistíochta suntasach a chruthú. Beidh sé mar aidhm ag na pleananna seo leibhéil féaraigh oiriúnach a bhaint amach, béim a leagan ar agus triail aon gníomhaíochtaí a dhéanann damáiste a laghdú agus cabhrú feabhas a chuir le bainistiú na gcoimíneachtaí do na scairshealbhóirí. Áit go bhfuil sé cuí, beifear abálta gníomhaíocht maoinithe agus pleananna oibre a chur le chéile i gcomhar le foireann an CP agus scairshealbhóirí eile chun cabhrú leis an bainistiú iomlán, agus chun scór agus íocaíocht na gcoimíneachtaí a fheabhsú.

Coimíneachtaí

Neal Jeuken

Bainisteoir Réigiúnda do cheantar Boireann an Chláir

Más feirmeoir tú i gceantar an Chláir den CP, déan teagmháil liom led’ thoil má tá aon cheist agat faoi do fheirm nó an scéim, agus beidh sé mar aidhm agam cabhrú leat chomh maith agus is féidir liom.

r-phost: Neal@acresburrenaran.ie

DSC09859_edited.jpg
bottom of page