top of page
DJI_0430.jpg

ACRES Bhoirne Árann

Scéim Comhshaol Talmhaíochta

Ag éirí ón gClár Bhoirne (2015-2022) agus Caomhnú Árann (2018-2022), tá an Tionscadal Comhoibrithe ACRES Bhoirne Árann (BUA CP) ag tacú le feirmeoirí chun oidhreacht shaibhir éiceolaíochta, seandálaíochta, geolaíochta agus cultúrtha Bhoirne, Oileán Árainn agus Dheisceart na Gaillimhe a bhainistiú agus a chaomhnú.

Trí Ghné de CP ACRES

DSC07109.jpg
Íocaíochtaí Bunaithe ar Thorthaí

Is féidir le feirmeoirí suas le €7,000 in aghaidh na bliana a shaothrú i n-íocaíochtaí bunaithe ar cheantar i leith bainistiú féaraigh speiceas-shaibhir, áit go bhfaigheann buailte le scóranna níos airde íocaíochtaí níos airde.

IMG_20221104_110422.jpg
Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla

Is gníomhaíochtaí bheaga iad Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla atá sé mar aidhm acu dul i ngleic le saincheisteanna agus spriocanna timpeallachta ar an bhfeirm. Nuair atá siad pleanáilte i gceart cabhraíonn siad leis an bhfeirmeoir bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an bhfeirm agus cuideoidh le scóranna na buailte a ardú.

Tá buiséid suas le €17,500 ar fáil do gach feirmeoir rannpháirtithe le linn na scéime le caith ar Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla (NPIs) agus Gníomhaíochtaí Tírdhreacha.

7.jpg
Gníomhaíochtaí Tírdhreacha

I gcomparáid leis na NPIs is gníomhaíochtaí ar scála níos mó iad gníomhaíochtaí tírdhreacha, leis na cuspóirí céanna, triail dul i ngleic le saincheisteanna ar an bhfeirm.  Cuirfidh an feirmeoir agus foireann an CP an Plean Gníomhaíochtaí Tírdhreacha le chéile. 

Beidh gá le pleanáil níos speisialaithe suíomhoiriúnaithe agus go minic beidh ceadúnais le fáil ó na comhlachtaí reachtúla. 

BUA Map poster-1.jpg

Céard iad íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí?

Íocaíochtaí bliantúil do fheirmeoirí i leith seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil is ea íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí. D’fhéadfadh na seirbhísí éiceachórais seo réimsiú ó bainistiú féarthailte ar mhaithe le bithéagsúlacht, caighdeán mhaith screamhuisce a chinntiú agus traidisiúin chultúrtha a chaomhnú. Tá na híocaíochtaí bunaithe ar scóranna na mbuailte, sé is airde an scór sé is airde an íocaíocht. Tabharfar scóranna dos na buailte le linn an tsamhraidh, áit go ndéanfaidh an suirbhéir measúnú ar réimse critéir a dhéanann suas scór an buaile: ag innilt buailte ag an am ceart a cheadaíonn do phlandaí bláthú, toibreacha agus sruthanna a ghlanadh, scaipeadh scrobarnaí agus fiailí a choinneáil íseal, agus cleachtais beathú cuí; cabhraíonn na nithe seo ar fad le scór ard buailte. Ar an taobh eile, cuireann siad seo a leanas le scóranna buailte a ísliú: dó-innilt nó ró-innilt buailte, fadhbanna le toibreacha broghach, leibhéil arda scrobarnaí ag scaipeadh isteach i gceantair speiceas-shaibhir agus cleachtais beathú a dhéanann dochar ar nós beathú-fáinneach. Áit go mbíonn scóranna íseal de bharr na cineál fadbhanna seo, tá réimse gníomhaíochtaí cómhaoinithe roghnach ar fáil, gur féidir leis an bhfeirmeoir tabhairt faoi len scór a ardú. Titeann na gníomhaíochtaí beartaithe seo faoin rannóg NPIs agus Gníomhaíochtaí Tírdhreacha.

DSC07112.jpg
DSC05475.jpg

Céard iad Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla?

Séard is NPIs ná oibreacha ar scála bheag, ainmnithe ag an bhfeirmeoir agus deartha le cúnamh a thabhairt do fheirmeoirí a bhfeirm a bhainistiú agus cur le scóranna na buailte a ardú. Mar shampla, is féidir le ró-úsáid stoc dochar a dhéanamh do shruthanna agus toibreacha; ach is féidir le oibreacha maithe len suíomh a leasú, ar nós balla a chuir in airde mórthimpeall an tobar agus tanc uisce a thógáil le píopa, caighdeán an uisce a fheabhsú agus na gnáthóga a chaomhnú. Is féidir leis an feirmeoir tacaíocht airgeadais a fháil (íocaíochtaí NPI) chun an balla cosanta seo a thógáil agus tanc uisce agus píopa a chur leis. I measc na NPIs eile: is féidir scrobarnach neamhaibí a bhaint as féarach speiceas-shaibhir, claíocha a dheisiú, geataí a chur isteach agus bealaí isteach a fheabhsú. Tá NPIs de chinéalacha eile ann, cinn a fheabhsaíonn an gnáthóg nó gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an fiadhúlra; ar nós fálta sceacha a chur agus stráicí clúdach d’éin fhiáine nó lochán d’fhiadhúlra a chruthú.

DSC02563.jpg

Boireann an Chláir

Gaillimh Theas

IMG_0919.HEIC

Oileáin Árann

Céard iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha?

Séard atá i gceist le gníomhaíochtaí tírdhreacha ná oibreacha ar scála níos mó, gur féidir leis an bhfeirmeoir tabhairt faoi, ar a bhfeirm féin nó i gcomhair le feirmeoirí eile. Is féidir leo seo a bheith ina leagan níos mó nó níos casta ná NPIs, áit go mbeidh ar foireann an CP teagmháil a dhéanamh le Comhlachtaí Stáit lena chinntiú go gcloífar le pleanáil agus reachtaíocht. Mar shampla, má táfar ag fáil réidh le scrobarnaí trí úsáid meaisín, laistigh de cheantar seandálaíochta i Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, caithfear dul i mbun comhairliúcháin leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.

Déanfaidh foireann an CP chuile iarracht oibriú in éineacht leis an bhfeirmeoir agus iad ag tabhairt faoi aon oibreacha ar scála níos mó a rachaidh chun tairbhe, ar an dá thaobh, don fheirmeoir agus don timpeallacht.

IMG_20220608_162755.jpg

Maoinithe ag

EN_Co-fundedbytheEU_RGB_Monochrome_edite
Agriculture_MARK_MASTER_Std_Colour.png
bottom of page