Beidh cruinnithe ginearálta ar siúl ag Foireann ACRES Bhoirne Árann do fheirmeoirí ACRES ar na hOileáin Árann, áit go dtabharfar an t-eolas is déanaí faoin scéim ACRES agus pléifear Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla (oibreacha breise), Gníomhaíochtaí Tírdhreacha agus conas éileamh a dhéanamh ar oibreacha atá críochnaithe. Beidh clinicí ar siúl tar éis na cruinnithe áit gur féidir le aon fheirmeoir labhairt linn go haonarach, má tá aon cheisteanna agat nó má theastaíonn uait do