top of page
DSC00401.jpg

Gníomhaíochtaí Tírdhreacha

Is gníomhaíochtaí timpeallachta ar scála níos mó iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha (GT) a dhíreoidh isteach ar fadbhanna ar leith; ar nós bainistíocht speiceas ionracha, rialú a dhéanamh ar scaipeadh scrobarnaí ar féarthailte speiceas-shaibhir, tacú le gnáthóga / speiceas tosaíochta agus cáilíocht an uisce a chosaint.  Go hiondúil, tá na cineál seo gníomhaíochtaí lasmuigh de réimse feirmeoirí aonaracha le déileáil leo ach tá buntáistí móra ag baint leo don phobal agus an timpeallacht i gcoitinne. 

Tá liosta thíos de na príomh Gníomhaíochtaí Tírdhreacha do cheantar ACRES Bhoirne Árann. Cliceáil anseo i gcomhair liosta iomlán de na Gníomhaíochtaí Tírdhreacha. ment.

7.jpg
Invasive Species

Speiceas Ionracha

Traenáil i leith Speiceas Ionracha

Má tá sé ar intinn ag rannpháirtithe ACRES bainistiú a dhéanamh ar speiceas ionracha iad féin, in ionad conraitheoir a úsáid, beidh sé riachtanach go ndéanfaidh tú freastal ar chúrsa traenála íoctha ar feadh trí uair a chloig. 

knotweed.jpg

Bainistiú Speiceas Ionracha

Cóireáil a dhéanamh agus cabhrú stop a chur le scaipeadh speiceas ionracha, trí feidhmiú luibhicíde dírithe. Na speiceas ionracha is mó cúis imní i gceantar CP Bhoirne Árann ná Glúineach Bhiorach, Róslabhras, Gunnaire agus Balsam Himiléach. Ceann de na príomh cinn ar mhaith linn díriú isteach air ná an Glúineach Bhiorach in abhantrach na hAille. 

Glúineach Bhiorach ag scaipeadh go fairsing ar thalamh feirme
(Sonraí an ghrianghrafadóra: Inishown Rivers Trust)

Bainistiú Buailteachas Geimhridh

Winterage

Claíocha cloiche traidisiúnta (Atógáil Iomlán) 

Chun píosaí de chlaíocha cloiche saorsheasta atá tite a athógáil. Is féidir an gníomhaíocht seo a úsáid freisin i gceantar ina bhfuil i ndótháin cloch ar fáil chun claíocha nua a thógáil. 

DSC01952.jpg

Fáil réidh le scrobarnaí le meaisín: Reigiún

Ceadaíonn an GT seo reigiúin ina bhfuil scrobarnaí ag brú isteach orthu a ghlanadh le meaisín le súiste air (gearradh) agus an féidearacht ann mataí/raftaí le cosaint bonn rotha orthu, nó alpaire (tarraingt) chun bainistíocht níos fearr a cheadú agus chun stop a chuir le cailliúint féarthailte speiceas-shaibhir. 

Screenshot 2025-05-15 161036.jpg

Struchtúr chun Uisce a Choinneáil  i dTírdreachanna Karst (Glacaire Tobair)

Beartaíonn an GT seo uisce a choinneáil i dtírdreachanna karst trí struchtúr concréite éadoimhin a thógáil a choinníonn uisce agus é ag sruthú ó tobar nádúrtha, ag cur stop le bealach isteach díreach ag beithigh (áit go mbaineann) agus ag cruthú foinse maith uisce chun córais lónú uisce a sholathrú. 

IMG_20221104_110422.jpg
Habitat

Tacaíocht um Fiadhúlra agus Gnáthóga

Lochán Fiadhúlra (Le nó gan líneáil) 

Beartaíonn an GT seo bithéagsúlacht na feirme a fheabhsú do réimse fiadhúlra, trí lochán fiadhúlra a thógáil. Is féidir le locháin sláintiúla tacaíocht a thabhairt do réimse leathan plandaí, feithidí uisceach agus fiadhúlra eile. Freisin is féidir le lochán an uisce a choinneáil ar an talamh, dhá scaoileadh ar ais isteach san ithir go mall le linn tréimhsí triomaigh.   San áireamh sa gníomhaíocht seo tá maoiniú ar fáil i gcomhair líneáil, má táfar dhá chur isteach i gceantar shaorshilteach.

pond-412x309.png

Faraí Ialtóg a thógáil don chrú-ialtóg bheag 

Athcheangailt a dhéanamh idir daonraí den crú-ialtóg bheag atá scoite amach, ar dtús trí bhoscaí fara a chuir isteach ag suíomhanna straitéiseacha idir daonraí atá scoite amach. 

LHB Roost.jpg

Fara Oíche (Vincent Wildlife Trust)

Soilsiú Athchóiritheach Tuaithe

Chun daoine a spreagadh na daingneáin soilse atá taobh amuigh ar fheirmeacha a athrú go dtí daingneáin soilse atá neamhdhíobhálach don spéir-dorcha, rud a laghdóidh an tionchar ar ainmhithe oíche. D'oibreoidh an gníomhaíocht seo go maith leis an Fara don Criú-Ialtóg Bheag, trí choinníoll na gnáthóige a fheabhsú le linn na huaireanta a mbíonn ialtóga is gníomhach. 

darksky.png

Sonraí an ghrianghrafadóra: Dark Sky Ireland

Sconsaí Fíorúla

Chun cumas feirmeoirí i leith bainistíocht innilt ar suíomhanna talamh ard agus gnáthóga tosaíochta a mhéadú. Tá poitéinseal mór ag an teicneolaíocht nua seo i sconsaí fíorúla chun cabhrú le cuspóirí caomhnaithe agus chun cabhrú le feirmeoirí níos mó fóráiste a fháil amach as suíomhanna iarghúlta. 

Virtual Collar_edited.jpg

Tacaíocht do Bheathrá Éan Neamhchoitianta

Birdlife

Géanna agus Ealaí ar Féarthailte

Gnáthóg agus fóráiste feiliúnach a chur ar fáil do Ghéanna agus Ealaí a fhanann sa gheimhreadh, trí garrantaí a choinneáil ina mbeidh i ndóthain clúdach féarach thar tréimhse an gheimhridh. Sa bhliain tar éis ceadúnas a fháil, caithfear na píosaí talúin sin a choinneáil dúnta do bheosteoic agus meaisíní ón 1ú Deireadh Fómhair go dtí an 31ú Márta. Ní féidir cur isteach ar na héin le linn na tréimhsí áitíochta.  

Lomadh nach ndéanann dochar don Fiadhúlra

Séard atá i gceist le lomadh nach ndéanann dochar don dúlra ná teicníc lomtha, i ngarrantaí a ndéantar lomadh orthu, a fheabhsaíonn marthanas na héin a neadaíonn ar an talamh agus fiadhúlra eile. Agus lomadh ar siúil, ní mór don duine atá ag oibriú an meaisín é sin a dhéanamh ag luas íseal, lomadh ó lár na páirce amach go mall, ag brú na héin amach go dtí imill an gharraí, áit go mbeidh clúdach ann dóibh.

corncrake mowing.jpg

Sonraí an ghrianghrafadóra: Samplaí Lomadh (Corncrake LIFE)

Moill a chuir ar lomadh do na Lapairí atá ag Pórú

Agus bainistiú dhá dhéanamh ar féarach idir an 15ú Márta - 15ú Lúnasa, moill a chuir ar ghníomhaíocht meaisíní laistigh de na garrantaí, chun laghdú a dhéanamh ar an ngortú a d'fhéadfadh tarlú do na sicíní agus d'éin a bhíonn ag neadú ar an talamh. 

Lapwing.jpg

Moill a chuir ar lomadh agus innilt don Traonach 

 

Clúdach agus foscadh neadú a chuir ar fáil, trí moill a chuir ar lomadh agus innilt i réigiún ina bhfuil seans go neadóidh an Traonach idir 1ú Aibreán agus 15ú Lúnasa. 

Crex-in-Cover.jpg

Clúdach Luath/ Déanach don Traonach (Barr) 

Tá Clúdach Luath/Déanach (CLD) dírithe ar chlúdach don Traonach a bhunú agus a bhainistiú, go luath san Earrach agus go déanach sa tséasúir, chun foscadh, ceilt, suíomhanna neadú agus creachta a chuir ar fáil. 

Cuirfidh foireann an CP eolas ar leith ar fáil i leith rátaí síolaithe barr agus meascán síolta i bplean a bheidh curtha in oiriúnt don suíomh. 

DSC03619lores.jpg

Clúdach Luath/ Déanach don Traonach (Nádúrtha) 

Tá Clúdach Luath/Déanach (CLD) Nádúrtha dírithe ar chlúdach nádúrtha don Traonach a bhunú agus a bhainistiú go luath san Earrach agus déanach sa tséasúir chun foscadh, ceilt, suíomhanna neadú agus creachta a chuir ar fáil. Is féidir é seo a bhaint amach trí spás de 0.1Ha (1000m2) a shaothrú, leasú/burlaí lofa a úsáid agus ceann ar a laghad de na plandaí seo a leanas a bhunú, chun fásra ard a chuir ar fáil: Neantóga, Peirsil Bhó, Feabhrán nó Feileastram.

DSC03612lores.jpg
Water Quality

Cosaint Cailíocht an Uisce

Pointe Bealach Trasna do Bheostoic

Beartaíonn an GT seo sruthchúrsaí agus draenacha a chosaint ó chreimeadh bruacha agus cailliúint dríodair/cothaithigh trí dhroichead coisithe aonarach a chuir isteach, ag úsáid leaca coincréite réamhtheilgthe agus tromshaothar, chun bealach trasna do bheostoic a áisiú. 

livestock crossing point.png

Bogach atá sa Díog

Beartaíonn an GT seo sruth na draenacha isteach sna sruthchúrsaí a mhoilliú, trí meaisín rianta a úsáid chun ath-próifíl a dhéanamh ar díoganna, chun ceantair a chruthú áit go mbeidh fásra bogach in ann forbairt. 

Moillíonn an fásra seo sruth an t-uisce, méadaíonn sil-leagan dríodair, agus cabhraíonn le fáil réidh le cothaithigh ón t-uisce. Seans go bhforbóidh na gnáthóga seo isteach i ngnáthóga fíor-luachmhar don fiadhúlra astu féin. 

Damba Móna/Adhmaid chun Draenacha a Bhlocáil

Beartaíonn an GT seo an tábla uisce a ardú i dtalamh portaigh díghrádaithe chun fás sfagnam agus athfhásrú móin lom a áisiú, trí draenacha a líonadh le móin trí meaisín rianta a úsáid, nó trí dambaí adhmaid a chruthú. Is seo ceann de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a chabhróidh le scóranna a ardú ar thalamh portaigh áit go bhfuil draenáil mar príomh fhadhb ann. 

timber dam.png

Draenáil Rianta

Beartaíonn an GT seo coinníoll na rianta atá ann a fheabhsú, trí draenacha trasnaithe a chuir isteach a dhéanfadh bainistiú ar sruth uisce ar na rianta agus chun uisce a chuir ar mhalairt slí isteach i locháin gabhála dríodair taobh leis na rianta, leis an aidhm sciúradh rianta, creimeadh agus cailliúint dríodair isteach i ndraenacha agus sruthchúrsaí a laghdú. 

cross track drain.jpg

Ath-próifíliú a dhéanamh ar Díoganna/Móin

Beartaíonn an GT seo meaisíní rianta a úsáid chun claonta draenacha/bealaí a leathnú chun gnáthóg oiriúnach a chuir ar fáil do lapairí atá ag pórú agus chun forbairt fásra uisceach a spreagadh. Freisin is féidir é a úsáid chun ath-próifíliú a dhéanamh ar chiumhaiseanna géar de bhruachanna móna i gceantair ina bhfuil creimeadh móna nó sean suíomhanna móna atá róghearrtha.

turf bank to be reprofiled.png
  • Instagram
  • Facebook
  • X
  • Youtube
  • LinkedIn
bottom of page