
Bunaithe ar Thorthaí
Scóráil Bunaithe ar Thorthaí
Is íocaíochtaí bliantúil a thugtar do fheirmeoirí iad íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí áit go bhfuil siad ag cur seirbhísí éiceachóras ar fáil. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil trí féarthailte, coillearnaí agus talamh portaigh, a bhainistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht, ag cosaint caighdeán an uisce agus ag caomhnú oidhreacht chúltúrtha na tírdhreacha.
Bunaítear na íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí ar mheasúnú scóráil garrantaí, a dhéanann na Comhairleoirí Feirme le linn an tsamhraidh, i mbliain 1, 3 agus 5.
San áireamh sa chritéir a dhéanann suas scór an gharraí ná; na garrantaí a bheith ite ag an am oiriúnach a cheadaíonn do na bláthanna bláthú, toibreacha agus srutháin a choinneáil glan, léibhéil íseal fiailí agus scrobarnach ag brú isteach, agus cleachtais beathú cuí; nithe ar fad a chuidíonn le scór ard sa gharraí. Go contrártha, muna bhfuil i ndóthain innilt nó ró-innilt ar siúl sna garrantaí, agus fadhbanna le toibreacha salach, má tá leibhéil scrobarnach ag meadú agus ag cur isteach ar cheantair speiceas-shaibhir agus cleachtais beathú a dhéanann damáiste ar nós feadáin fáinne, cuireann siad seo ar fad le scór níos ísle sna garrantaí. Sa chás go mbeadh scóranna íseal de bharr na fadhbanna seo, tá roinnt gníomhaíochtaí cómhaonaithe roghnach ar fáil, gur féidir leis an bhfeirmeoir tabhairt fúthu len scór a ardú. Tagann na gníomhaíochtaí pleanáilte seo i bhfoirm INTeanna agus Gníomhaíochtaí Tírdreacha. ā

Scórchártaí
Úsáideann ACRES 10 scórchárta ina iomlán don scóráil bunaithe ar thorthaí. Úsáidtear 9 gcinn acu seo i reigiún CP Bhoirne Árann. Féach ar an bhfíseán chun forléargas a fháil ar conas a úsáidtear na scórchártaí agus is féidir cliceáil tríd an gailearaí thíos agus PDF a íoslódáil.