top of page
DJI_0893-2.jpg

Gaillimh Theas

Is tírdreach an-ilchineálach is ea ceantar na Gaillimhe den CP ACRES, le ceantair mhóra de féarthailte speiceas-shaibhir, turlaigh, bogaigh agus talamh phortaigh. Freisin tá a lán saincheisteanna timpeallachta le tabhairt faoi. Sa cheantar Gaillimh Theas beidh níos mó béim ar chaighdeán uisce, bainistiú bogaigh agus talamh phortaigh agus bithéagsúlacht a fheabhsú ar na feirmeacha talmhaíochta atá níos táirgiúil.

Athruithe ó GLAS agus Clár Bhoirne

Beidh athruithe suntasacha ann do fheirmeoirí a bhí i nGLAS agus/nó sa Chlár Bhoirne. Is féidir suas le €7,000 a shaothrú i n-íocaíochtaí bliantúil bunaithe ar cheantar. Beidh na híocaíochtaí seo bunaithe ar scór an bhuaile, sé is airde atá an bithéagsúlacht agus is fearr atá an bainistiú timpeallachta, sé is airde a bheidh an íocaíocht. Má tá scór íseal ag na buailte, agus nach sroicheann na rannpháirtithe an €7,000, is féidir an easnamh a dhéanamh suas trí an buiséad a úsáid le tabhairt faoi tuilleadh NPIs (pleananna aonuaire) - NPIs a chabhróidh le scór an buaile a ardú. Samplaí dóibh seo ná: fál sceach a chuir isteach in áit sconsaí atá ag deighilt buailte nó stráicí crainnte a chruthú taobh le aibhneacha (NPI Teorainn Bruachánacha). Is féidir íocaíocht a shaothrú freisin trí tabhairt faoi bearta a fheabhsaíonn an fiadhúlra: ag cur clúdach d’éin fhiáine, ag cur isteach boscaí do scréachóigí reilige agus ag cur síolghoirt dúchasach.

IMG_20181010_165929.jpg

Ag feabhsú bithéagsúlacht ar feirmeacha atá bainistithe go traidisiúnta

Ní gá go mbeidh íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí feiliúnach do gach feirm, go háirithe iad sin atá déanta suas go bunúsach de thalamh féaraigh feabhsaithe. É sin ráite, tá réimse gníomhaíochtaí NPI gur féidir a dhéanamh ar na feirmeacha seo chun ioncam a chinntiú ach freisin chun bithéagsúlacht iomlán na tírdreacha a fheabhsú.   

Smaointe i leith Gníomhaíochtaí Tírdhreacha

Tá réimse leathan Gníomhaíochtaí Tírdhreacha gur féidir tabhairt faoi i gceantar na Gaillimhe:  athchóiriú talamh portaigh sna ceantair líonmhar de thalamh portaigh atá sa réigiún, pleananna ar leibhéal tírdhreacha chun caighdeán an uisce sna aibhneacha a fheabhsú.  Agus tá tionscnaimh ar scála níos lú ar nós athchóiriú móinéir bláthanna fiáine díreach ar cheann de na roghanna iliomad atá ar fáil do fheirmeoirí i CP ACRES.

Donal Hogan

Bainisteoir Réigiúnda do cheantar Gaillimh Theas

Más feirmeoir tú i gceantar Gaillimh Theas den CP, déan teagmháil liom led’ thoil má tá aon cheist agat faoin scéim.

  • LinkedIn
DSC09890_edited.jpg
bottom of page