top of page

Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla (INTanna)

Is gníomhaíochtaí iad na INTanna gur féidir leatsa cur isteach air mar fheirmeoir ACRES, trí do chomhairleoir feirme, agus tabhairt fúthu, áit go bhfaighfear íocaíochtaí ar na gníomhaíochtaí a chuirfear i gcrích.

Cliceáil ar an gceannteideal thíos le cur síos a fháil ar  na INTeanna sa ghrúpa sin, íoslódáil an sonraíocht nó féach ar an bhfíseán gaolmhar. 

Leabhrán faoi INTeanna go ginearálta, féach ar an nasc.

Is féidir sonraíocht mionsonraithe faoi na gníomhaíochtaí ar fad a fháil anseo        . 

Féach na físeáin gaolmhar ó Acres Bhoirne Árann anseo ar ár leathnach acmhainní. 

Water Provision

Soláthar Uisce

Trachanna uisce, tancanna/umair uisce báistí, umair stórála uisce, caidéil uisce grianteasa agus caidéil féarach 

Tá réimse buntáistí, do chaighdeán an uisce agus an bithéagsúlacht, ag baint le soláthar uisce maith, glan agus iontaofa a bheith agat sa bhuaile.

Is féidir trachanna a úsáid le beithigh a choinneáil amach ó toibreacha, sruthanna agus aibhneacha agus chun innilt i gceantair iargúlta den féar geimhridh a spreagadh.

DSC09911_edited.jpg

€290.66 /Tracht uisce 

€716.84 /Tanc nó umar uisce báistí 'a thógáil'

€798.66 /Umair stórála uisce 

€1852.50 /Caidéil uisce grianteasa 

€289.04 /Caidéil féarach 

Scrub Control

Bainistiú Scrobarnaí

Réigiún nó stráice

I roinnt mhaith cásanna i tírdreach na hÉireann, cé go bhfuil scaipeadh scrobarnaí tairbheach don mbithéagsúlacht, is bagairt shuntasach é do na féarthailte uathúil agus neamhchoitianta a fhaightear sa Bhoireann agus na hOileáin Árann

burren-life-DSCF0024.jpg

€480.97-€14,784/ha

€0.96-5.28/m

Bracken

Raithneach a choinneáil siar

Struimeáil nó meicniúil

Is féidir le raithneach dlúth bagairt a dhéanamh ar cheantair féarthailte speiceas-shaibhir. Tá maoiniú ar fáil len raithneach a choinneáil siar. Tá maoiniú ar fáil chun é a 'ghearradh' nó más féidir é a 'ghreadadh' i dtreo dheireadh na Bealtaine agus ansin arís tar éis 6 seachtainí. 

IMG_20200715_164241.jpg

​€835.44/ha do Struimeáil 

€242.76/ha do Meicniúil 

Cultural

Caomhnú Suíomhanna Oidhreachta Cultúrtha

Tá cliú agus cáil ar na hOileáin Árann agus an Bhoireann de bharr an saibhreas gnéithe seandálaíocha agus cultúrtha a fhaightear sa tírdreach. É sin ráite teastaíonn cothabháil agus cúram leanúnach uathu, agus tá íocaíocht aonuaire in aghaidh gach gné, ar fáil.

DJI_0002.jpg

€299.91 do Shuíomhanna ar Thalamh Arúil 

€133.71 do Shuíomhanna ar Thalamh Féaraigh

Wildlife Boxes 2

Boscaí Fiadhúlra

Boscaí scréachóg reilige, ialtóg, gabhlán gaoithe agus fáinleog

Má chuireann tú boscaí fiadhúlra isteach ar do fheirm, cuirfidh siad gnáthóg riachtanach ar fáil do speiceas éagsúla agus is féidir íocaíocht maith a fháil ina leith.

Swift box from schweegler website.jpg

€294.40/bosca ar Bhosca Scréachóg Reilige/Pocaire Gaoithe

€56.43/bosca ar Bhoscaí Ialtóg (ar a laghad 3)

€134.04/bosca ar Bhoscaí Gabhlán Gaoithe (ar a laghad 3) 

€29.32/bosca ar bhoscaí Fáinleog (ar a laghad 3)

Rodent

Srianadh Creimirí Saor ó Creimiricíd 

Má theastaíonn uait creimirí a smachtú i do chlós feirme, tá gaistí le cumhacht gas mar rogha níos fearr ná baoite nimhe. Ní féidir creimiricíd a úsáid in áit a bhfuil boscaí scréachóg reilige curtha isteach, mar go bhfuil baol indíreach ann go nimheoidh tú na ulcabháin nuair bheidh siad ag greachadh ar na creimirí atá marbh nó ag fáil bháis. Oibríonn na gaistí seo go maith in éineacht le Boscaí Scréachóg agus Boscaí Beatha Soghluaiste. 

DSC01733.jpg

€272.06/aonad do gach gaiste curtha isteach 

Feed

Soláthar Beatha

Trachanna beatha soghluaiste agus boscaí stórála

Le linn míonna ocracha an Earraigh, nuair atá na beithigh fós ar an bhféar geimhridh tá an beatha Boirne níos fearr dóibh ná beatha sadhlais. Tá na gníomhaíochtaí seo deartha le feirmeoirí a spreagadh beatha mine a úsáid in áit beatha sadhlais ar an bhféar geimhridh. 

d0ad9a99-6189-479c-9c2d-64943f9d22e0.jpg

€59.22/Trach beatha 

€175.20/Bosca Soghluaiste Stóráil Beatha 

Access

Bealach Isteach

Gairbhéal a chur ar na rianta buailteachas geimhridh agus gáitir arís

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rianta ann le bealach isteach do fheithiclí i gcomhair bainistiú beithigh ar na suíomhanna féar geimhridh atá iarghúlta agus ar thalamh ard, le linn laethanta ghairid an gheimhridh.  Tá maoiniú ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar rannáin de rian atá ann cheana féin ach a bhfuil drochbhail air.  

Ar thalamh níos fliche, is féidir gáitir a chur isteach ar rannáin de rianta nó crosairí draenála, áit gur féidir le feithiclí agus beostoic dul trasna tríd an uisce. 

IMG_20210426_163142.jpg

€2.99/m ar rian athdhromchlaithe 

€476.22/Gáitir

Stone Wall Repair

Deisiú Claíocha Cloch 

Is gnéithe cultúrtha an-tábhachtach iad claíocha cloch sa Bhoireann agus na hOileáin Árann. Is féidir maoiniú a fháil le cuí a chur ar chlaíocha atá drochbhail orthu. ​ 

IMG_20191007_102019.jpg

€3.03/m do Chlaíocha Cloch dhá thaobh 

€1.53/m do Chlaíocha Cloch taobh amháin 

Hedgerows

Fálta Sceach 

Ag cur fálta sceach nua nó ag feabhsú cinn a bhfuil ann cheana féin.

Is gnáthóg fíor-thábhachtach do fiadhúlra iad fálta sceach agus cuireann siad foscadh agus scáth do bheostoic.  Tá seans ann go mbéifeá in ann do scór a ardú agus íocaíocht a fháil trí fál sceach a chur isteach in áit sconsa. 

Screenshot 2024-09-03 145423_edited.jpg

€23.10/m do Fál Sceach Nua 

€18.88/m do Feabhsú Fál Sceach
(bunscoitheadh, inlíonadh agus/nó fáldluí, ní le haghaidh claíocha cloch atá clúdaithe le driseacha) 

Gates

Geataí

Geataí Oidhreachta nó Geataí Páirce 

Tá geataí riachtanach i mbainistiú beostoic ar shuíomhanna iargúlta ​agus le pleanáil cruinn rachaidh geataí i dtairbhe go hindíreach ar na gnáthóga.

DSC00409.jpg

€496.61/Geata Oidhreachta 

€185.61 /Geata Páirce

Sconsa/Fál 

Sconsa/fál caorach, sreang dheilgneach nó leictreach seasta 

Is gníomh riachtanach i mbainistiú na gnáthóga féaraigh is ea na teorainn a bhfuil ann a choinneáil stocdhíonach. 

IMG_20240418_155540.jpg
Fencing

€3.44/m do Sreang Caorach

€1.52/m do Leictreach Seasta 

€2.60/m do Sreang Dheilgneach  

€257.50/aonad d’Aonad Fál Leictreach Gréine 

Sconsa/Fál 

Sconsa/fál caorach, sreang dheilgneach nó leictreach seasta 

Is gníomh riachtanach i mbainistiú na gnáthóga féaraigh is ea na teorainn a bhfuil ann a choinneáil stocdhíonach. 

€3.44/m do Sreang Caorach

€1.52/m do Leictreach Seasta (físeán)

€2.60/m do Sreang Dheilgneach  (físeán)

€257.50/aonad d’Aonad Fál Leictreach Gréine (físeán)

Tree Planting

Roghanna Crainn a chur  

Úlloird Traidisiúnta, coillearnaí bheaga (160 nó 300 crann) nó cur 3 chrann 

Tá réimse buntáistí ag baint le crainn a chur, don gabháil carbóin bithéagsúlachta, caighdeán uisce agus scáil. Tá maoiniú maith agus réimse roghanna ar fáil duit mar fheirmeoir ACRES CP.  

DSC01708.jpg

€1,302.61/Úllord (Ar a laghad 10 gcrann) 

€1,247.48/Coillearnach (160 crann ar 0.05ha)

€2,309.20/Coillearnach (300 crann ar 0.09ha) 

€31.17/Crainn (ar a laghad 3 chrann) 

Riparian Margins

Imill Bruachánacha 

Tá buntáistí móra d'abhainn má chuirtear fál crios maolánach le taobh na habhann chun cead a chinn a thabhairt dó athfhás; trí cothaithigh a ghabháil, ag coinneáil an ithir le chéile, ag tabhairt scáil agus ag cruthú pasáiste don fiadhúlra. Is féidir leat fál leictreach seasta nó fál caorach a chur isteach le taobh na habhann agus tá íocaíocht breise ar fáil má roghnaíonn tú crainnte a chur sa chrios céanna sin.  

Riparian Margin 1.jpg

€5.50/m do Fál Leictreach Seasta Bruachánach 

€9.48/m do Fál Sreang Caorach 

€13.93/crann do Cur Crainn Maolánach Bruachánach.

Wild Birds

Tacaíochtaí Gnáthóige d’Éin Fhiáine

Ceapacha um Fhoscadh na nÉan Fiáin agus linnte lapairí

Bíonn stráicí clúdach d’éin fhiáine mar foinse iontach bia d’éin sa gheimhreadh agus do phailneoirí sa samhradh. Is féidir barr a chur ar thalamh glas.   

Séard is logáin lapairí ná locháin éadomhain, atá carta le dhul i dtairbhe na lapairí ghoir, mar gur gnáthóga sealgaireachta maithe iad d’éin ar nós an crotach, nach bhfuil oiriúnach do thalamh aolchloiche nó in aice le foraoiseacht nó fál sceacha. 

Wader Scrape.jpg

€5.41/m do Stráice Clúdach d’Éin Fhiáine (9m ar leithead) 

€265.28/linnte do Linnte Lapairí

Winter

Coinleach geimhridh 

Rogha maith do fheirmeoirí arúil, ceadaíonn an gníomhaíocht seo íocaíocht chun coinleach geimhridh a fhágáil ar thalamh arúil don gheimhreadh go dtí an 1ú Feabhra an bhliain dár gcionn.    

Winter-Stubble-1.jpg

€119.42/ha do Choinleach Geimhridh

  • Instagram
  • Facebook
  • X
  • Youtube
  • LinkedIn
bottom of page