top of page
Search

Gníomhaíochtaí Tírdhreacha Seolta

Is gníomhaíochtaí timpeallachta ar scála níos mó iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha (GT) a dhíreoidh isteach ar fHadbhanna ar leith; ar nós bainistíocht speiceas ionracha, rialú a dhéanamh ar scaipeadh scrobarnaí ar thalamh speiceas-shaibhir, tacú le gnáthóga / speiceas tosaíochta agus cáilíocht an uisce a chosaint.  Go hiondúil, tá na cineál seo gníomhaíochtaí lasmuigh de réimse feirmeoirí aonaracha le déileáil leo, ach tá buntáistí móra ag baint leo don phobal agus an timpeallacht i gcoitinne.

 

Siad na foirne CP (cosúil linn féin anseo ag ACRES Bhoirne Árann) agus ní na comhairleoirí, a bheidh ag réiteach na pleananna seo in éineacht leis na bhfeirmeoirí rannpháirteach. Ní bheidh plean gníomhaíochta thírdreacha ag teastáil ó gach feirm. Áit go ndéanfar forbairt ar phlean, tiocfaidh an maoiniú do na gníomhaíochtaí seo ó bhuiséad ar leith.

 

Tá an chéad deis chun cur isteach ar na GTeanna ar oscailt anois. Agus dúnfar é seo arís i Meán Fómhair. Ach beidh deiseanna eile ann do GTeanna amach anseo i 2026.

 

Tabharfaidh an zón CP ACRES Bhoirne Árann tús áite i gceantair an Chláir/Gaillimh d'oibreacha ar na gCoimíneachtaí, atógáil claíocha cloiche traidisiúnta, gníomhaíochtaí uisce agus smachtú speicis ionracha agus scaipeadh scrobarnaí ar fhéarthailte speiceas-shaibhir.

 

ree

Ar na hOileáin Árann tabharfar tús áite d'oibreacha ar na gCoimíneachtaí, atógáil claíocha cloiche traidisiúnta, gníomhaíochtaí uisce agus rialú scaipeadh scrobarnaí ar féarthailte speiceas-shaibhir.


Glacfaidh Foireann CP ACRES Bhoirne Árann le foirmeacha léiriú speise ó fheirmeoirí rannpháirteach agus ó na comhairleoirí feirme. Déanfar lógáil, athbhreithniú agus tabharfar tús áite do gach tairiscint. Tar éis sin, déanfaidh foireann an CP teagmháil leat i mí Lúnasa chun aon pleananna féideartha a phlé.

 

Ná bíodh aon drogall ort glaoch orainn chun aon suim atá ann a logáil nó chun Gníomhaíochtaí Thírdhreacha a phlé.

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais.

 
 
 

Recent Posts

See All
Seisiúin Eolais do Fheirmeoirí

Táimid ag tnúth le sibh a fheiceáil ag na seisiúin eolais do fheirmeoirí a bheidh ar siúl i Tuaisceart an Chláir agus Gaillimh Theas ar...

 
 
 

Comments


  • Instagram
  • Facebook
  • X
  • Youtube
  • LinkedIn
bottom of page