
Gníomhaíochtaí Tírdhreacha
Is gníomhaíochtaí timpeallachta ar scála níos mó iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha (GT) a dhíreoidh isteach ar fadbhanna ar leith; ar nós bainistíocht speiceas ionracha, rialú a dhéanamh ar scaipeadh scrobarnaí ar féarthailte speiceas-shaibhir, tacú le gnáthóga / speiceas tosaíochta agus cáilíocht an uisce a chosaint. Go hiondúil, tá na cineál seo gníomhaíochtaí lasmuigh de réimse feirmeoirí aonaracha le déileáil leo ach tá buntáistí móra ag baint leo don phobal agus an timpeallacht i gcoitinne. Cliceáil anseo i gcomhair liosta iomlán de na Gníomhaíochtaí Tírdhreacha.
Tá liosta thíos de na príomh Gníomhaíochtaí Tírdhreacha do cheantar ACRES Bhoirne Árann. Tá doiciméid sonraíochta faoi Gníomhaíochtaí Tírdhreacha eile liostaithe anseo.

Speiceas Ionracha
Bainistiú Speiceas Ionracha
Cóireáil a dhéanamh a chabhróidh stop a chur le scaipeadh speiceas ionracha, trí feidhmiú luibhicíde spriocdhírithe. Na speiceas ionracha is mó cúis imní i gceantar CP Bhoirne Árann ná Glúineach Bhiorach, Róslabhras, Gunnaire agus Balsam Himiléach. Ceann de na príomh cinn ar mhaith linn díriú isteach air ná an Glúineach Bhiorach in abhantrach na hAille.
Traenáil i leith Speiceas Ionracha
Má tá sé ar intinn ag rannpháirtithe ACRES bainistiú a dhéanamh ar speiceas ionracha iad féin, in ionad conraitheoir a úsáid, beidh sé riachtanach go ndéanfaidh tú freastal ar chúrsa traenála ar feadh trí uair a chloig, a bhfaighfidh tú íoctha air.

Glúineach Bhiorach ag scaipeadh go fairsing ar thalamh feirme
(Sonraí an ghrianghrafadóra: Inishown Rivers Trust)
Rialú Buailteachas Geimhridh
Claíocha cloiche traidisiúnta (Atógáil Iomlán)
Chun píosaí de chlaíocha cloiche saorsheasta atá tite a athógáil. Is féidir an gníomhaíocht seo a úsáid freisin i gceantar ina bhfuil i ndótháin cloch ar fáil chun claíocha nua a thógáil.

Fáil réidh le scrobarnaí le meaisín: Ceantair
Tá sé mar bhuntáiste mór do féarthailte buailteachas geimhridh má fhaightear réidh le scrobarnaí atá ag brú isteach, go háirithe coll, driseacha agus draighin. Ceadaíonn an GT seo scrobarnach a ghlanadh ag úsáid meaisín le súiste air (gearradh) nó a tharraingt le alpaire ar ithir níos doimhne ar suíomhanna oiriúnach. Déanfar an gníomhaíocht seo nach mór ar gharrantaí buailteachas geimhridh amháin nó i gceantair atá fíor speiceas-shaibhir agus ní úsáidfear é chun talamh atá lán le scrobarnach a ghabháil ar ais i gcomhair féarthailte táirgiúil.

Struchtúr chun Uisce a Choinneáil i dTírdreachanna Karst (Glacaire Tobair)
Beartaíonn an GT seo uisce a choinneáil i dtírdreachanna karst trí struchtúr concréite éadoimhin a thógáil a bhailíonn uisce agus é ag sruthú ó thobar nádúrtha. Cuirfidh Glacaire Tobair atá tógtha go maith cosc ar bhealach isteach ag beithigh (áit go mbaineann) trí bhaic miotail a úsáid. D'fhéadfadh an glacaire tobair foinse maith uisce a chruthú chun umair uisce agus/nó tacanna stórála uisce a sholathrú.

Tacaíocht um Fiadhúlra agus Gnáthóga
Lochán Fiadhúlra (Le nó gan líneáil)
Beartaíonn an GT seo bithéagsúlacht na feirme a fheabhsú do réimse fiadhúlra, trí lochán fiadhúlra a thógáil. Is féidir le locháin sláintiúla tacaíocht a thabhairt do réimse leathan plandaí, feithidí uisceach agus fiadhúlra eile. Freisin is féidir le lochán an uisce a choinneáil ar an talamh, dhá scaoileadh ar ais isteach san ithir go mall le linn tréimhsí triomaigh. San áireamh sa gníomhaíocht seo tá maoiniú ar fáil i gcomhair líneáil, má táfar dhá chur isteach i gceantar shaorshilteach.

Faraí Ialtóg a thógáil don chrú-ialtóg bheag
Is féidir le rannpháirtí ACRES faraí samhraidh a thógáil i gceantair a bheadh mar bhuntáiste do Chriú-Ialtóg Bheag a bhíonn ag sealgaireacht agus a théann ar an bhfara thar oíche. An príomh aidhm atá leis an ngníomh seo ná athcheangailt a dhéanamh idir daonraí den crú-ialtóg bheag atá scoite amach, trí bhoscaí fara a chuir isteach ag suíomhanna straitéiseacha idir daonraí atá scoite amach.

Fara Oíche (Vincent Wildlife Trust)
Soilsiú Athchóiritheach Tuaithe
Is féidir le clósanna feirme a bheith mar fhoinsí truailliú solais a mbíonn éifeacht iarmhartach acu ar fiadhúlra oíche. Cuireann an gníomh seo íocaíocht ar fáil do rannpháirtí, chun daingneáin soilse atá taobh amuigh ar an bhfeirm, a athrú ó cinn atá geal go dtí cinn atá níos dorcha agus atá fabhrach don spéir (níos laige, níos teolaí), rud a laghdóidh an tionchar ar ainmhithe oíche i gceantair faoin tuath. Tá sé léirithe go n-ardaíonn slandáil trí feiceálacht a laghdú. D'oibreoidh an gníomhaíocht seo go maith leis an Fara don Criú-Ialtóg Bheag, trí choinníoll na gnáthóige a fheabhsú le linn na huaireanta a mbíonn ialtóga is gníomhach.

Sonraí an ghrianghrafadóra: Dark Sky Ireland
Sconsaí Fíorúla
Chun cumas feirmeoirí i leith bainistíocht innilt ar suíomhanna talamh ard agus gnáthóga tosaíochta a mhéadú. Tá poitéinseal mór ag an teicneolaíocht nua seo i sconsaí fíorúla chun cabhrú le cuspóirí caomhnaithe agus chun cabhrú le feirmeoirí níos mó fóráiste a fháil amach as suíomhanna iarghúlta. Tá rannpháirtí den togra ReFarm sa Bhoireann ag baint triail as coiléir fíorúla faoi láthair.

Géanna agus Ealaí ar Féarthailte
Gnáthóg agus fóráiste feiliúnach a chur ar fáil do Ghéanna agus Ealaí a fhanann sa gheimhreadh, trí garrantaí a choinneáil ina mbeidh i ndóthain clúdach féarach thar tréimhse an gheimhridh. Sa bhliain tar éis ceadúnas a fháil, caithfear na píosaí talúin sin a choinneáil dúnta do bheosteoic agus meaisíní ón 1ú Deireadh Fómhair go dtí an 31ú Márta. Ní féidir cur isteach ar na héin le linn na tréimhsí áitíochta.
Tacaíocht do Bheathrá Éan Neamhchoitianta
Lomadh nach ndéanann dochar don Fiadhúlra
Séard atá i gceist le lomadh nach ndéanann dochar don dúlra ná teicníc lomtha, i ngarrantaí a ndéantar lomadh orthu, a fheabhsaíonn marthanas na héin a neadaíonn ar an talamh agus fiadhúlra eile. Agus lomadh ar siúil, ní mór don duine atá ag oibriú an meaisín é sin a dhéanamh ag luas íseal, lomadh ó lár na páirce amach go mall, ag brú na héin amach go dtí imill an gharraí, áit go mbeidh clúdach ann dóibh.

Sonraí an ghrianghrafadóra: Samplaí Lomadh (Corncrake LIFE)
Moill a chuir ar lomadh do na Lapairí atá ag Pórú
Moill a chuir ar ghníomhaíocht meaisíní laistigh de na garrantaí, go dtí go mbeidh príomh séasúr an ghoir críochnaithe (15ú Márta - 15ú Lúnasa). Sé an aidhm atá anseo ná laghdú a dhéanamh ar an ngortú a d'fhéadfadh tarlú do na sicíní agus d'éin a bhíonn ag neadú ar an talamh agus bainistiú dhá dhéanamh ar an bhféarach.

Moill a chuir ar lomadh agus innilt don Traonach
Clúdach agus foscadh neadú a chuir ar fáil, trí moill a chuir ar lomadh agus innilt i gceantair ina bhfuil seans go neadóidh an Traonach idir 1ú Aibreán agus 15ú Lúnasa.

Clúdach Luath/Déanach don Traonach (Barr)
Tá Clúdach Luath/Déanach (CLD) dírithe ar chlúdach don Traonach a bhunú agus a bhainistiú, go luath san Earrach agus go déanach sa tséasúir, chun foscadh, ceilt, suíomhanna neadú agus creachta a chuir ar fáil.
Cuirfidh foireann an CP eolas ar leith ar fáil i leith rátaí síolaithe barr agus meascán síolta i bplean a bheidh curtha in oiriúnt don suíomh.

Clúdach Luath/Déanach don Traonach (Nádúrtha)
Tá Clúdach Luath/Déanach (CLD) Nádúrtha dírithe ar chlúdach nádúrtha don Traonach a bhunú agus a bhainistiú go luath san Earrach agus déanach sa tséasúir chun foscadh, ceilt, suíomhanna neadú agus creachta a chuir ar fáil. Is féidir é seo a bhaint amach trí spás de 0.1Ha (1000m2) a shaothrú, leasú/burlaí lofa a úsáid agus ceann ar a laghad de na plandaí seo a leanas a bhunú, chun fásra ard a chuir ar fáil: Neantóga, Peirsil Bhó, Feabhrán nó Feileastram.

Pointe Bealach Trasna do Bheostoic
Beartaíonn an GT seo sruthchúrsaí agus draenacha a chosaint ó chreimeadh bruacha agus cailliúint dríodair/cothaithigh trí dhroichead coisithe aonarach a chuir isteach, ag úsáid leaca coincréite réamhtheilgthe agus tromshaothar, chun bealach trasna do bheostoic a áisiú.

Cosaint Cailíocht an Uisce
Bogach atá sa Díog
Beartaíonn an GT seo sruth na draenacha isteach sna sruthchúrsaí a mhoilliú, trí meaisín rianta a úsáid chun ath-próifíl a dhéanamh ar díoganna, chun ceantair a chruthú áit go mbeidh fásra bogach in ann forbairt.
Moillíonn an fásra seo sruth an t-uisce, méadaíonn sil-leagan dríodair, agus cabhraíonn le fáil réidh le cothaithigh ón t-uisce. Seans go bhforbóidh na gnáthóga seo isteach i ngnáthóga fíor-luachmhar don fiadhúlra astu féin.
Damba Móna/Adhmaid chun Draenacha a Bhlocáil
Beartaíonn an GT seo an tábla uisce a ardú i dtalamh portaigh díghrádaithe chun fás sfagnam agus athfhásrú móin lom a áisiú, trí draenacha a líonadh le móin trí meaisín rianta a úsáid, nó trí dambaí adhmaid a chruthú. Is seo ceann de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a chabhróidh le scóranna a ardú ar thalamh portaigh áit go bhfuil draenáil mar príomh fhadhb ann.

Draenáil Rianta
Beartaíonn an GT seo coinníoll na rianta atá ann a fheabhsú, trí draenacha trasnaithe a chuir isteach a dhéanfadh bainistiú ar sruth uisce ar na rianta agus chun uisce a chuir ar mhalairt slí isteach i locháin gabhála dríodair taobh leis na rianta, leis an aidhm sciúradh rianta, creimeadh agus cailliúint dríodair isteach i ndraenacha agus sruthchúrsaí a laghdú.

Ath-próifíliú a dhéanamh ar Díoganna/Móin
Beartaíonn an GT seo meaisíní rianta a úsáid chun claonta draenacha/bealaí a leathnú chun gnáthóg oiriúnach a chuir ar fáil do lapairí atá ag pórú agus chun forbairt fásra uisceach a spreagadh. Freisin is féidir é a úsáid chun ath-próifíliú a dhéanamh ar chiumhaiseanna géar de bhruachanna móna i gceantair ina bhfuil creimeadh móna nó sean suíomhanna móna atá róghearrtha.

Gníomhaíochtaí Tírdhreacha Eile
Tá an sonraíocht do na Gníomhaíochtaí Tírdhreacha eile atá ar fáil faoin scéim ACRES liostaithe thíos in ord aibítre. Téigh i dteagmháil led' thoil le oifig an CP i gCarn nó in Inis Oírr, má theastaíonn uait iad a phlé.





