top of page

Na hOileáin Árann

Tá na hOileáin Árann ag tacú le pobail feirmeoireachta le breis agus 4,000 bliain, a bhfuil oidhreacht shaibhir chultúrtha fágtha ina ndiaidh acu, ina measc dúnta iontacha ar na hOileáin agus gréasán dlúth de chórais claíocha arda sna buailte. Laistigh de na claíocha seo, faightear cuid de na gnáthóga talamh féaraigh is saibhre in Éirinn, lena n-áirítear fhéarthailte cailcreach speiceas-shaibhir agus féarthailte Machair agus ar ndóigh Pábháil Aolchloiche lena ndromchla agus gnéithe ar leith. Sna gnáthóga seo faightear réimse mór plandaí, roinnt speiceas coitianta ar nós an Nóinín Mór (Leucanthemum vulgare) ach tá speicis ann a fhásann i gcorr-áit in Éirinn ar nós an Glasair Bheannach (Ajuga pyramidalis) nó Lus na Laoch (Sedum rosea). Gan ach achar de 40km², fásann timpeall agus 500 speiceas plandaí sna hOileáin Árann.

An cur chuige nua

Bíonn ionchur oibre an-ard i gceist leis an gcóras feirmeoireachta seo, a bhaineann den chuid is mó le beithigh mairteola a mbreitheann san Earrach, ach le méid tréada íseal agus ráta stocála íseal.  San am atá caite, bhí scéimeanna comhshaol talmhaíochta ar nós REPS, AEOS agus GLAS mar fhoinse ioncam feirme breise tábhachtach agus glacadh go mór leis na scéimeanna sin. Baineann cur chuige difriúil leis an scéim ACRES nua; beidh foireann áitiúil tionscadail ag obair in éineacht leis na feirmeoirí, ag leanacht leis an cur chuige a bhí ag AranLIFE agus Caomhnú Árann, ag obair le Clár Bhoirne (roimhe seo), faoin gclár ACRES Comhoibrithe an Bhoirinn / Árann.

Athruithe ó Chaomhnú Árann

Ar dtús cuirfidh an scéim béim ar na féarthailte speiceas-shaibhir atá ar na hoileáin agus ar an gcothabháil leanúnach a dhéantar ar na claíocha cloiche, agus an dá cheann acu flúirseach ar an dtrí oileán. Tabharfar cuairt ar na buailte éagsúla ar fad ar an bhfeirm, áit go bhfaighfidh siad scór bunaithe ar chaighdeán na gnáthóige, agus gheobhaidh na buailte a bhfuil bainistithe go maith agus a thacaíonn le éagsúlacht ard plandaí, scór níos airde. Beidh foireann áitiúil an togra ag obair in éineacht leis na feirmeoirí chun scóranna a fheabhsú trí seirbhís chomhairleach, laethanta traenála agus trí maoiniú a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí éagsúla ar nós rialú scrobarnaí agus soláthar tancanna uisce áit go dteastaíonn siad.

Orchids.jpg

Patrick McGurn

Bainisteoir Réigiúnda Oileáin Árann

Déan teaghmáil liom faoi aon ghnéith bainteach le do fheirm nó ACRES Boireann / Árann.

patrick@acresburrenaran.ie

52164980_2275138509410323_8614248706805334016_n.jpg
bottom of page